Choimisiúnaigh TG4 agus an Ciste Craoltóireachta de chuid Scáileáin Thuaisceart Éireann, an clár faisnéise seo faoi John Philip Holland ‘Fomhuireán na bhFíníní,’ go mall sa bhliain 2015.

Rinneadh an clár a scannánú le linn an tsamhraidh sa bhliain 2016

Craoladh an clár faisnéise ar TG4 ar an 22ú Samhain 2016

 

Mar chuid den chlár faisnéise, thug muid cuairt ar roinnt suíomhanna in Éirinn a bhaineann le Holland, mar shampla:

‘Edmund Rice House’ ar Shráid Richmond Thuaidh, an áit inar bhfuair Holland a chuid oiliúna le bheith ina bhráthair teagaisc de chuid na mBráithre Críostaí sa bhliain 1958. Rinne muid agallamh leis an bhráthair Dónal De Bláca ansin – údar agus staraí a scríobh faoi eispéireas Holland mar bhráthair teagaisc.

‘The Irish Maritime Institute’ ar an Órán Mór, Gallimh. Labhair muid le hAodhan Fitzgerald atá ina bhainisteoir ar an ROV intumtha a bhain Holland úsáid as ar chósta na hÉireann, agus níos faide amach, le haghaidh cúiseanna taighde. Thuar Holland go raibh feidhmeanna suaimhneacha agus eolaíocha ag na fomhuireáin chomh fada siar leis an bhliain 1900 – mar shampla chun grinneall na farraige a fheiceáil agus chun cnámharlach a aimsiú.

Liscannor, an Clár: Scannánaigh muid agallamh le hEilís De Bláca anseo chomh maith le suíomhanna ar leith a bhain le Holland féin mar shampla an teach ina rugadh agus tógadh é agus cuid den chósta agus an cuan áitiúil. D’fhill muid sa samhradh leis an ‘Holland heritage centre,’ a scannánú le John Declan Flanagan.

Cork: Scannánaigh muid píosa leis an scoil áitiúil, Scoil Fatima Mhuire, lonnaithe i North Mons ar an suíomh céanna le scoil na mBráithre Críostaí ina raibh Holland mar mhúinteoir go mall sna 1850idí – 1860idí. Rinne Holland cuid de na chéad thurgnamh s’aige anseo lena mheantóir an bráthair Dominic Burke – eolaí agus oideachasóir aitheanta. Dúirt Holland gur spreagadh é le fomhuireán a dhearadh i ndiaidh dó ‘Battle of the Iron Clads’ a léamh sna SAM sa bhliain 1862 – cogadh cathartha de chuid na SAM idir dhá long ar a raibh cumhdach iarainn orthu. Thuig Holland gurb é an t-aon mhodh indéanta leis na longa seo a ionsaí ná le hionsaí a dhéanamh orthu ó thíos faoi na tonnta. Spreagadh é chun bád intumtha a dhearadh le cosaint a chur ar fáil do thíortha níos laige nach mbeadh ábalta iad féin a chosaint in éadan na tíortha níos cumhachtaí. Nuair a bhí muid i gCorcaigh, thug muid cuairt ar Chóbh agus ar Chionn tSáile, gar don áit ar chur u-boat Gearmánach an Lusitania go tóin poill sa bhliain 1915 – rud a léirigh cumhacht an fhomhuireáin mar uirlis troda agus spreag an gníomh seo rannpháirtíocht na SA sa Chéad Cogadh Domhanda.

1. Holland’s early years in Liscannor, County Clare

Luath bhlianta Holland i Lios Ceannúir, Co. an Chláir:

2. Holland and the Christian Brothers

Holland agus Na Bráithre Críostaí:

3. The ROV Holland (Oranmore, Galway)

An ROV Holland (Órán Mór, Co. na Gaillimhe)

Mar chuid den turas Meiriceánach, thug muid cuairt ar na suíomhanna seo a leanas:

Glucksman House, Nua-Eabhrac: Rinneadh agallamh leis an Dr. Terry Golway anseo, saineolaí de chuid John Devoy. Thug Terry cuntas dúinn ar an chaidreamh idir Holland agus Clann na nGael/ cumann IRB sna SAM agus chuir sé síos ar an dóigh ar chur siad airgead ar fáil do chéad iarrachtaí Holland maidir le tógáil fomhuireán go mall sna 1870idí – go luath sna 1880idí.

3. Holland emigrates to the US in 1873

Imíonn Holland chuig na SAM in 1873:

4. Holland moves to Paterson, New Jersey, in 1874

Bogann Holland chuig Paterson, NJ, in 1874:

Iarsmalann Paterson, New Jersey: Tá an chéad dá fhomhuireán de chuid Holland san iarsmalann seo – an Holland I agus an Holland II/Fenian Ram. Ghlac an coimeádaí iarsmalainne, Bruce Balistrieri, muid go dtí an áit ar chéad triail Holland a fhomhuireáin ar an Passaic River. Chomh leis sin, thug Bruce mionchuntas dúinn ar ghníomhaíochtaí Holland agus é sna SAM. Rinne muid agallamh le Gary McCue anseo chomh maith. Is ailtire cabhlaigh agus saineolaí de chuid Holland é Gary.

5. Holland and the Irish Republican Brotherhood (The Fenians)

Holland agus an IRB (na Fínini):

6. Holland tests the Holland I on the Passaic River

Triaíladh Holland an Holland I ar an abhann Passaic:

7. Holland’s first submarine – the Holland I

An chéad fomhuireáin Holland – an Holland I:

8. Holland and the Holland II / Fenian Ram

Holland agus an Holland II / Fenian Ram:

9. Holland and Henri Le Caron – The Prince of Spies

Holland agus Henri Le Caron – Prionsa na Spiairí:

10. Holland parts company with the Fenians

Deireadh an caidreamh idir Holland agus an IRB:

US Navy Force Submarine museum, Groton, Connecticut: Groton: Labhair muid leis an choimeádaí iarsmalainne, Stephen Finnigan, chomh maith leis an cheannasaí áitiúil Reginald N. Preston. Tá cartlann leathan d’ábhar a bhaineann le Holland san Iarsmalann chomh maith le cartlann an Electric Boat Company – an comhlacht corparáide a bunaíodh sa bhliain 1899 le fomhuireáin Holland a thógáil do Chabhlach Stáit Aontaithe Mheiriceá. Tugtar ‘General Dynamic Electric Boat’ (GDEB) ar ‘The Electric Boat Company’ sa lá atá inniu ann agus tá siad ag tógáil fomhuireán go fóill.

11. Holland enters the US Navy competition to build a submarine

Iontráilann Holland comórtas Cabhlach SAM chun fomhuireán a thógáil:

12. Holland and the Holland V / Plunger submarine

Holland agus an Holland V / An Plunger:

13. Holland’s greatest achievement – the Holland VI submarine

An bua is suntasaigh ag Holland – an fomhuireán Holland VI:

14. Holland’s resignation, and the last years of his life

Éirigh as Holland, agus deireadh a shaol:

The drama for the documentary was shot in Derry and Donegal over three days in Prehen House, Gribben Quay, outside of Derry in Cultúrlann Uí Chanáin and within Derry City itself.

Rannpháirtithe JPH (in ord sa chlár):

Dr.Terry Golway: Is ollamh le Stair é Terry agus spéis ar leith aige i stair agus polaitíocht de chuid na Gael-Mheiriceánach. Bíonn Terry ag teagasc sa Kean Univesity i New Jersey agus is iriseoir é leis an ‘New York Times,’ agus leis an ‘New York Observer.’ Is an beathaisnéisí é de chuid John Devoy (1842 – 1948).

Dr. Pádraig Ó Tiarnaigh: Is béaloideasóir agus staraí é Pádraig agus scríobh sé a thráchtas PhD ar Sheán Ó hEachaidh, an béaloideasóir iomráiteach ó Dhún na nGall.
Tá Pádraig ag obair le Conradh na Gaeilge faoi láthair mar Fheidhmeannach Cumarsáide, Chosaint Teanga & Ionadaíochta.

Gary McCue: Is ailtire cabhlaigh é Gary agus tá suim aige i John P.Holland le fada, go háirithe an Holland VI. Tá an-taighde déanta ag Gary ar shaol Holland agus thóg sé samhail ar ríomhaire den Holland VI/USS Holland I – an chéad fhomhuireán a rinne an Cabhlach SA a choimisiúnú sa bhliain 1900.

Eilís De Blaca: Is bean de bhunadh Lios Ceannúir í Eilís, an sráidbhaile ina chónaí Holland féin i gContae an Chláir. D’oibrigh sí mar mhúinteoir bunscoile le blianta fada i Lios Ceannúir. Tá cuid mhór déanta ag Eilís agus ag a fear céile chun scéal Holland a chur chun cinn go háitiúil agus go hidirnáisiúnta.

Br. Dónal De Bláca CFC: Is Bráthair Críostaí é Dónall atá lonnaithe ar Shráid Richmond Thuaidh i mBaile Átha Cliath faoi láthair, an áit chéanna ina bhfuair John Holland féin a chuid oiliúna sa bhliain 1858. Scríobh Dónal faoin am ar chaith Holland sna Bráithre Críostaí idir 1858 agus 1873, agus tuairiscí pearsanta faoi eispéireas Holland mar mhúinteoir san áireamh.

Bruce Balistrieri: Is coimeádaí de chuid Iarsmalann Paterson i New Jersey é Bruce. Lonnaigh Holland i bPaterson de fhormhór an 41 bliain a chaith sé sna SAM. Tá an chéad dá fhomhuireán de chuid Holland san iarsmalann seo – an Holland I agus an Fenian Ram. Tá cartlann leathan d’ábhar a bhaineann le Holland san iarsmalann chomh maith – grianghraif, pleananna, paitinní agus litreacha san áireamh.

Stephen Finnigan: Is an stiúrthóir bainistíochta/ an coimeádaí maoirseachta é Stephen don ‘US Navy Submarine Force Museum.’ Tá níos mó ná 35 bliain de thaithí aige ar bhainistíocht iarsmalainne agus é ag obair don ‘US Army’ agus don ‘US Navy.’ Tá máistreacht sa Stair ag Stephen ó Ollscoil Nua-Eabhrac. Tá cartlann an Electric Boat Company le fáil san iarsmalann – an comhlacht corparáide a bunaíodh sa bhliain 1899 le fomhuireáin Holland a thógáil. Chomh maith leis sin, tá píosaí ar leith a bhaineann le fomhuireáin Holland san iarsmalann mar shampla an t-ainmchlár práis ón Holland VI – an t-aon phíosa atá fágtha den fhomhuireán aitheanta seo.