John Philip Holland: aireagóir an fhomhuireáin nua-aoisigh;

Rugadh John Philip Holland i Lios Ceannúir, Contae an Chláir, in Éirinn sa bhliain 1841. Iarmhúinteoir de chuid na mBráithre Críostaí a bhí in Holland agus suim ar leith aige sa mhata agus san eolaíocht. Is i gCorcaigh agus é ag teagasc, sna 1860idí, a chéad smaoinigh Holland ar dhearaí fomhuireán. Thóg Holland na céad fhomhuireáin s’aige i ndiaidh dó imeacht go Meiriceá sa bhliain 1871. D’éirigh le Holland tacaíocht airgid a fháil ó réabhlóidithe Éireannacha sna SA go mall sna 1870idí – go luath sna 1880idí. Is ansin agus Holland i Meiriceá a thóg sé an ‘Fenian Ram,’ – fionnachtain tábhachtach i stair na bhfomhuireán. Dhear agus thóg Holland an Holland VI i ndiaidh blianta de thrialacha agus de bhuillí. Aithnítear an Holland VI mar an chéad fhomhuireán nua-aoisigh a d’obair mar is ceart. Ba é an Holland VI an chéad fhomhuireán ag Cabhlach na Stát Aontaithe sa bhliain 1900, agus ba é an fhréamhshamhail é den chéad Chabhlach SA d’fhomhuireáin agus de chéad chabhlach fomhuireáin na Breataine, na hIsiltíre, na Rúise agus na Seapáine.